agus
(Conj Coord)

Théadh athair an bhuachalla agus duine de na comharsain go tig an chailín. 🔊

Bhíodh buidéal biotáile acu chun sláinte an lanúin óig a ól, uaireanta chun athair muintir a bhogadh chun iníon a fháil agus chun an cleamhnas a dhéanamh. 🔊

Nuair a bhíodh an chulaith nua déanta ag an maintín don gcailín agus an chulaith nua déanta ag an dtáilliúir don mbuachaill thagaidís abhaile don oileán. 🔊

arna mhárach, thugaidís cuireadh do mhuintir an oileáin go léir agus ngaolta i nDún Chaoin agus théidis ar an mBuailtín go dtí an sagart paróiste chun iad a phósadh. 🔊

Tar éis pósta bhíodh rince agus ceol, amhránaíocht agus spórt acu i dtig tábhairne ar an mBuailtín go tráthnóna. 🔊

Ansin thagaidís abhaile don oileán agus bhíodh oíche eile go maidin acu. 🔊

Thugaidís bairille leanna duibhe leo agus buidéal fíona do na mná, agus cad é an oíche a bhíodh acu go maidin, seanamhráin bhreátha, ceol agus rince. 🔊

Siar san oíche ag druidim le críochnú na bainise, d'éiríodh fear aosta an ina sheasamh, bheireadh ar bhabhla ón ndriosúr, bhriseadh é i lár an agus deireadh, "faighim deireadh leis!" 🔊

bhíodh talamh ag athair an bhuachalla, bhíodh ar athair an chailín spré a dhíol, chun buanaíocht a fháil ar an dtig agus ar an dtalamh iníon. 🔊

Frequency index

Alphabetical index